Cifras Web

Cill Cháis

The Dubliners

32 acessos

                    C                               F      C
Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad?
G
tá deireadh na gcoillte ar lár;
C F C
níl trácht ar Cill Cháis ná ar a teaghlach
C G C
is ní bainfear a cling go bráth.

C F Em
An áit úd a gcónaiodh an deighbhean,
C G
fuair gradam is meidhir thar mhnáibh,
C F C
bhíodh iarlaí ag tarraingt tar toinn ann
C G C
is an t-aifreann binn á rá.

C F C
Ní chluinim fuiaim lachan ná gé ann,
G
ná fiolar ag éamh sois cuain,
C F C
ná fiú na mbeacha chun saothair
C G C
thabharfadh mil agus céir don tslua.

C F Em
Níl ceol binn milis na n-éan ann
C G
le hamharc an lae a dhul uainn,
C F C
náan chuaichín i mbarra na ngéag ann,
C G C
ós í chuirfeadh an saol chun suain.

C F C
Aicim ar Mhuire is ar Iosa
G
go dtaga sí arís chughainn slán,
C F C
go mbeidh rincí fada ag gabháil timpeall,
C G C
ceol veidhlín is tinte cnámh.

C F Em
Go dtógtar an baile seo ár sinsear
C G
Cill Cháis bhreá arís go hard,
C F C
is go bráth nó go dtiocfaidh an díle
C G C
ná feictear é arís ar lár.

Top cifras de The Dubliners

  1. Cill Cháis
  2. Black Velvet Band
  3. Fields Of Athenry
  4. The Wild Rover
  5. Rocky Road To Dublin
  6. Biddy Mulligan
  7. Leaving of Liverpool
  8. Marino Casino
  9. Town I loved so well, the
  10. Seven Drunken Nights